[..]

    _                    _ _  __ _       _             _ _
   / \   _ __ ___  _ __ | (_)/ _(_)  ___| |_ _   _  __| (_) ___  ___
  / _ \ | '_ ` _ \| '_ \| | | |_| | / __| __| | | |/ _` | |/ _ \/ __|
 / ___ \| | | | | | |_) | | |  _| | \__ \ |_| |_| | (_| | |  __/\__ \
/_/   \_\_| |_| |_| .__/|_|_|_| |_| |___/\__|\__,_|\__,_|_|\___||___/

Beagán a rá agus é a rá go maith

Say little but say it well

An file

Louis De Paor

Rugadh é i gCorcaigh i 1961. Chuaigh sé go dtí an Astráil i mbliain 1987 tosc go bhfuil ba múinteor é. Bhuaigh sé Duais an Riordánaigh i mbliain 1977.

An dán

An t-aer ina chriathar bán

ag craos glórach na bhfaoileán

os cionn an tráiléara

ag teacht chun cuain

is clogáin na ngabhar

ag bualadh go toll

i measc na gcrann líomóin.

Seanbhean i bhfeisteas caointe

cromtha faoi ualach paidreacha

ina ciaróg chráifeach

ag triall ar an aragal

cois cladaigh

is clog práis slóchta le meirg

ag casachtaigh sa séipéal aoldaite.

Leannáin órtha ag siúl na trá

ag éisteacht le bladar na farraige

is aoire cianaosta

i dtábhairne ar bharr cnoic

ag imirt fichille le hiarlais

i mbrístín snámha,

a gharmhac bán ó Bhronx Nua-Eabhrac.

Ar ardán os cionn na trá

breacaimid aibítir solais ar phár

is seolaimid ár mbeannachtaí gréine

ar chártaí poist go hÉirinn.

Achroimre ar an dán

(i mo fhocail féin)

Bhí an spéir cosúil le chriathar mar bhí a lan faoiléan ag eitilt ann. Bhí siad ag eitilt os cionn bád a bhí ag dul go dtí an caladh. Bhí clóg ar na gabhair ag buaileadh sna crann liomóin.

Bhí seanbhean in eadaí dubha cromtha síos cosúil le ciaróg ag rá paidreacha agus ag dul go dtí an seipéal in aice leis an gcuain. Bhí an clos práis ag buaileadh sa seipéal.

Bhí beirt duine ag siúl ar na trá agus ag éisteacht le fuaim na farraige. Bhí seanaoir in óstán ar bharr an cnoic, ag imirt fichille le duine difrúil, Bhí an duine caitheamh bríste snámha. Ba as Meiriceá é.

Bhí an file os cionn na trá agus bhí sé ag scriobh cartaí poist go hEirinn.

Bhuel, sin é...

😎 gemini://amplifibeats.pollux.casa/log/29-4-21-carta%C3%ADpoist.gmi